Newry.ie
Yearly View
By Year
Monthly View
By Month
Weekly View
By Week
Daily View
Today
Search
Search

Download as iCal file

Réaltán Ní Leannáin - Cothú na Léitheoireachta
Thursday, 30 January 2020  7:00  
 
 
  Hits : 340
 
Picture (Device Independent Bitmap) 1.jpg
 
Thursday, 30 January 2020,  7:00 -  9:00
 

Beidh an chéad imeacht eile den sraith ‘Cothú na Léitheoireachta’ do chuid Ghradaim an Iúir ar siúl ag deireadh na míosa seo. Is údar clúiteach í Réaltán Ní Leannáin agus cuid mhór duaiseanna bainte aici de thairbhe a cuid scríbhneoireachta. Beidh sí linn i nGaeláras Mhic Ardghail ar Dhéardaoin an 30ú Eanáir ar a 7 i.n. chun a cuid saothar a phlé le muintir an cheantair. Molaim go mór freastail ar seo, bhí oíche draíochtúil amach is amach againn i Mí Dheireadh Fomhair nuair a bhí an t-údar Máire Dinny Wren linn. Thíos, is féidir beatháisnéis Réaltán a léamh, chomh maith le nascanna chuid cuid dá saothar atá le fáile ar líne.

Rugadh agus tógadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste. Chónaigh sí agus d'oibir sí in go leor áiteacha ar fud na hÉireann agus na Spáinne thar na blianta. Cuireann sí an suim i dteangacha agus i gcultúr na Spáinne, agus caitheann sí i bhfad barraíocht ama ar Twitter. Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois.

Bíodh is gur ficsean é an t-úrscéal seo, tá Cití na gCártaí fréamhaithe i gcuimhní mhuintir Réaltáin,  Liostáil seanathair léi in Arm Shasana i 1914 le troid sa Chéad Chogadh Domhanda.  Chaith sé an chuid is mó den chogadh sin ar oileán Mhálta, áit a ndearna sé cleamhnas le bean óg ón oileán, máthair mhór Réaltáin. Lán dóchais agus í breá cróga, d'fhág sí a baile ar an oileán – an ghrian, na crainn liomóin, an aolchloch ghriandóite – agus tháinig sí go Béal Feirste a luaithe is a bhí an cogadh thart. Seans go raibh sí ag súil leis an fhuacht, leis an spéir liath, leis an fhearthainn - ach bhí gnéithe eile den saol i mBéal Feirste sna blianta achrannacha sin a lean 1918 nach raibh súil dá laghad aici leo . . .

Is taifead é ar athrú suntasach i saol an údair é an chéad shaothar i gcló aici, Turas Ailse (Coiscéim). I ndiaidh na mblianta ag teagasc agus ag léachtóireacht i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, bhí ar Réaltán dul i ngleic le hailse agus lena cóir leighis. Mar thoradh air sin, bhí uirthi an seomra ranga a fhágáil ar leataobh. Líon ceird na scríbhneoireachta an bhearna.

Lean cnuasach gearrscéalta an cnuasach filíochta, mar  Dílis (Cló Iar-Chonnacht).  Fréamhaítear na scéalta in Dílis in óige an údair, i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí sna naoi gcéad seachtóidí.

Is Scríbhneoir Cónaithe í Réaltán Ní Leannáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Raon ábhair líne agus tá sonraí mar gheall ar cá bhfuil siad le fáil ar a blag http://turasailse.blogspot.com/
Tá sí ar Twitter [ https://twitter.com/RealtanNiL ]
agus Facebook [ https://www.facebook.com/Realtan2/ ]

Location Gaeláras Mhic Ardghail
6b Chapel Street
Newry
BT34 2DS
 
 
A micro:bit

Get Started in Coding with Micro:bits in Newry Library

Newry City Library is hosting an exciting new Micro:bit workshop on Monday 17 February from 2:00pm – 4:00pm. Young people aged 7 – 11 years are invited to take a step into the world of coding using micro:bits. The micro:bit is a handheld, fully programmable…
Libby Smyth as Ruby Murray (RUBY!).

Upcoming Events at the Arts Centre

Sean Hollywood Arts Centre in Newry is beginning the new year with a festival celebrating women. The International Herstory Light Festival, which is an annual global event, will kick off on Friday 31 January with ‘Growing Old Disgracefully’. This one woman…

Science Festival comes to town

The 2020 NI Science Festival takes place from Thursday, February 13 – Sunday, February 23 and there are three special events being held in Newry as part of the event. Newry is encouraged to celebrate the science of you, the universe and everything in-between…
Theatre and Peacebuilding Academy artist Emer Kenny, and survivor of the Miami Showband massacre Stephen Travers recording in Probeat Studios.

The Troubles remembered from a Newry Perspective

A Newry mother and son are part of a new studio album from Dundalk musician Emer Kenny that is inspired by six people giving their first-hand accounts of The Troubles. The album will have a live launch in The Spirit Store, George's Quay, Dundalk at a free…

DONATE

Please consider supporting Newry.ie

Amount:
Newry.ie require Cookies on some parts of our site to enable full functionality. By using Newry.ie you consent to our use of Cookies. You can use your browser settings to disable cookies on this or any other website.
More information Ok