Beidh sos a' tSamhraidh ann sa Ghaeláras go dtí 7.00 i.n. ar 13 Lúnasa nuair a bhéas an chéad seisiún ann den bhfiontar nua "Cumadóireacht le Chéile". Tá sé seo feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu (Ard-Rang/Meán-Rang).

Tá súil againn go leor dánta nuachumtha a fháil ó na seisiúin chun leabhrán beag a fhoilsiú roimh Nollaig 2018 mar chuid d'iontráil s'againn i gcomórtais Ghlór na nGael. 'S é an cur chuige a bhéas in úsáid ná: an seánra a mhíniú (ag toiseacht le Haiku ar 13 Lúnasa), eiseamláirí a chíoradh, agus ansin iarracht a dhéanamh ár gcuid dánta féin a chumadh. Seo dúshlán nádúrtha do dhaoine a bhfuil an leibhéal líofachta bainte amach acu anois go bhfuil siad réidh/toilteanach a gcumas scríbhneoireacht a fhorbairt i dtimpeallacht atá acmhainn-shaibhir agus tacúil. Ní mór áit a chur in áirithe.
Pre-registration essential to ensure adequate resourcing. Contact: gaelarasmhicardghail@gmail.com